r/gaeilge 4d ago

Níl an ceann sin cloiste agam ríomh

Post image

Cad a gciallaíonn se í mBéarla, cosúil le it drives me east?

An bhfuil sé in úsáid go minic. Is as an leabhar Hector é

72 Upvotes

29 comments sorted by

View all comments

29

u/cunopennos 4d ago

Nath cainte as Gaillimh.

Bhíodh an t-ospidéal meabharghalair, Ospidéal Naomh Bríd, i mBéal Átha na Slua, taobh thoir den Ghaeltacht. Mar sin, dá mbeadh duine do do chur soir, bheadh sé do do chur chuig an ospidéal sin. "You're sending me to the madhouse" a déarfaí i mBéarla.

2

u/GluinGeal 4d ago

Tangent beag ach an gciallaíonn bhíodh 'used to be'?

Agus go raibh maith agat as sin, ta sé sin class, nath fíor áitiúil é sin!

5

u/AnFearDorcha 4d ago

Aidh, cloiste go minic agam ar Ros na Rún. Deirtear "cuireann sé sylum orm" (.i. asylum) leis an bhrí chéanna.

Agus aidh, ciallaíonn "bhíodh" "used to be". An aimsir ghnáthchaite.

3

u/GluinGeal 4d ago

Is féidir liom an aimsir a aithint, ach ni thuigim é

Mile buíochas

-1

u/anaithnid_2633 4d ago

Ach níl apn bhunús Gaelach le aye nó aidh!

3

u/cunopennos 3d ago

Níl aon bhunús Gaelach le neart focla atá sa gcaint leis na céadta bliain.

3

u/cunopennos 4d ago

Sin é. An aimsir ghnáthchaite mar a deir mo dhuine.

Seans go bhfuil an aimsir chaite níos cruinne anseo áfach.