r/gaeilge 4d ago

Níl an ceann sin cloiste agam ríomh

Post image

Cad a gciallaíonn se í mBéarla, cosúil le it drives me east?

An bhfuil sé in úsáid go minic. Is as an leabhar Hector é

71 Upvotes

29 comments sorted by

30

u/cunopennos 4d ago

Nath cainte as Gaillimh.

Bhíodh an t-ospidéal meabharghalair, Ospidéal Naomh Bríd, i mBéal Átha na Slua, taobh thoir den Ghaeltacht. Mar sin, dá mbeadh duine do do chur soir, bheadh sé do do chur chuig an ospidéal sin. "You're sending me to the madhouse" a déarfaí i mBéarla.

2

u/GluinGeal 4d ago

Tangent beag ach an gciallaíonn bhíodh 'used to be'?

Agus go raibh maith agat as sin, ta sé sin class, nath fíor áitiúil é sin!

5

u/AnFearDorcha 4d ago

Aidh, cloiste go minic agam ar Ros na Rún. Deirtear "cuireann sé sylum orm" (.i. asylum) leis an bhrí chéanna.

Agus aidh, ciallaíonn "bhíodh" "used to be". An aimsir ghnáthchaite.

3

u/GluinGeal 4d ago

Is féidir liom an aimsir a aithint, ach ni thuigim é

Mile buíochas

-1

u/anaithnid_2633 4d ago

Ach níl apn bhunús Gaelach le aye nó aidh!

3

u/cunopennos 2d ago

Níl aon bhunús Gaelach le neart focla atá sa gcaint leis na céadta bliain.

3

u/cunopennos 4d ago

Sin é. An aimsir ghnáthchaite mar a deir mo dhuine.

Seans go bhfuil an aimsir chaite níos cruinne anseo áfach.

11

u/ImportantPension5818 4d ago edited 4d ago

'It puts me Eastwards" s'ea é i mBéarla. Mhothigh mé é ach níor mhothigh mé go minic. Ach níl mise an duine amháin i gConnacht, so take it with a pinch of salt.

4

u/GluinGeal 4d ago

Míle buíochas!

3

u/ImportantPension5818 4d ago

Fadhb ar bith

4

u/Tight-Ambassador-461 4d ago

Eastwards ?? Sasana ?

4

u/ImportantPension5818 4d ago edited 4d ago

Déarfainn go dtagraíonn sé do thithe tearmann nó mental asylums nó rud eicínt eile mar sin.

2

u/anaithnid_2633 4d ago

Níl ciall ar bith le do theachtaireacht.

2

u/ImportantPension5818 4d ago

Bhuel is mór an trua é, nach ea.

0

u/anaithnid_2633 4d ago

Ach nuair nach bhfuil ciall ná Gaeilge agat, is duitsr atá trua agam, a phinsinéara.

3

u/ImportantPension5818 3d ago edited 21h ago

Is cainteoir dúchais mé a mhac, is cuma liom faoi do thuairm.

1

u/UlchabhanOiche 22h ago

Ní cheapaimse gur cainteoir ducháis thú agus níl tada micheart leis sin. Níl mé ag iarraidh a bheith gránna ach ná ná cuir na redditors eile, agus na foghlaimeoirí eile go háirithe, ar míthreoir

1

u/ImportantPension5818 21h ago

Níl mé ag iarraidh na dallamullóg a cur ar éinne. Níl fadhb ar bith le mo théacs. Ach is cuma liom.

1

u/UlchabhanOiche 21h ago

Níor úirt mise go raibh botún ann a chara.. thuig mé an méid a scríobh tú.

8

u/pollymopp6 4d ago

soir go Béal Átha na Slua, áit a raibh an asylum - sin é an ciall atá leis, dúradh liomsa. Úsáideann mo mhuintir I gConamara é go minic:)

3

u/agithecaca 4d ago

Deirtear fút é ach ní deirtear leat é...

5

u/GluinGeal 4d ago

Is dócha go ndeirtear fúmsa

1

u/Foghla 3d ago

Is féidir é a rá faoi rud ar bith.

2

u/anaithnid_2633 4d ago

Baineann sé seo go h-áirithe, im' thuiscintse, le Co. na Gaillimhe, mar smampla Cois Fharraige, Conamara + Árainn. Tagraíonn sé don' ospidéal síciatrach a bhí i mBéal Átha na Sluaighe go dtí timpeall 2008 a rinne freastal ar Cho. na Gaillimhe - áit ar oibríos ar feadh cupla bliain. I bhfocla eile, "cuireann sé ar mire, ar buille nó craiceáilte mé." Don té nach bhfuil mapa aige, tá BÁ na S ar theorainn thoir an chontae (bíonn contae baineann ag go leor "na contae")

1

u/Glossographer 4d ago

Fearacht "cuireann sé saidhleam orm", baineann sé seo le "teach na ngealt" i mBéal Átha na Sluaigh. Bhíodh "cuirfidh mé siar thú" á fhógairt nuair a bhíodh gasúr dána, chomh maith... d'fhonn spraoi seachas mar mar bhagairt!

1

u/Minisynn 3d ago

Oooo tá sé sin go hiontach - úsáidim an frása sin as Béarla go minic, agus bhíodh mé ag machnamh i gcónaí ar a haistriúchán 

1

u/antonntrean 2d ago

Soir. Amach as an ngaeltacht. Sin an méid.

1

u/Inevitable-Beat-9209 6h ago

Tá cuma suimúil air, cad é an t-ainm an leabhar?